Ar mhaith leat díolacháin a mhéadú nó plean gnó a fhorbairt? Ar mhaith leat bheith i do cheannaire éifeachtach nó cúrsaí airgid a thuiscint? Is iomaí dúshlán a bhaineann le gnólacht a fhorbairt. Ach bheith eolach ar an gcabhair atá ar fáil agus ar na daoine a d’fhéadfadh cabhrú leat, d’fhéadfadh sé difríocht mhór a dhéanamh.

Is féidir lenár gComhairleoirí Gnó agus Nuálaíochta cabhrú leat teacht ar na rudaí a theastaíonn ó do ghnólacht le forbairt agus ar dheiseanna chun do scileanna gnó a fhorbairt. Tá ár n-ocht nOifig Fiontar Áitiúil ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh anseo chun cabhrú leat. Ina theannta sin, is í Fiontraíocht Éireann an Ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as forbairt agus fás na ngníomhaireachtaí Éireannacha i margaí domhanda. Tá láithreacht láidir aici ar fud Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh agus tá nasc aici leis na mílte gnólacht, eagraíocht agus duine a d’fhéadfadh cabhrú leat ar d’aistear gnó.

Is féidir linn:

  • Comhairle a chur ort maidir le tacaíochta maoinithe
  • Riachtanais do ghnólachta a mheas
  • Cabhrú leat do chéad chéimeanna eile a phleanáil
  • Tú a nascadh leis na líonraí agus na teagmhálaithe cearta
  • Imeachtaí, cláir agus deiseanna eile a aimsiú atá oiriúnach duit agus do do tháirge nó do sheirbhís
  • Riachtanais do ghnólachta a mhapáil agus tacú leo i rith a shaolré

AN BHFUIL TACAÍOCHT UAIT AGUS DO GHNÓLACHT NUA Á FHORBAIRT AGAT?

Téigh chuig:

www.localenterprise.ie/Find-Your-Local-Enterprise-Office

Nó déan teagmháil le hOifig an Iarthair de chuid Fhiontraíocht Éireann ag:

Enterprise Ireland,
4500 Atlantic Avenue
Westpark, Shannon, Co Clare
V14 Y177

+353 61 777 000