D’fhéadfadh sé bheith spreagúil agus gnóthach agus gnólacht nó fiontar nua á thosú agat. Ach bheith eolach ar an gcabhair atá ar fáil agus ar na daoine a d’fhéadfadh cabhrú leat, d’fhéadfadh sé difríocht mhór a dhéanamh. Tá ocht nOifig Fiontar Áitiúil ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh atá in ann cabhrú leat.
Tá líonra seanbhunaithe ann ina bhfuil Gníomhaireachtaí Tacaíochta Fiontair agus is ionaid ilfhreastail iad a d’fhéadfadh cabhrú le do chuid uaillmhianta. Tá nasc aige leis na mílte gnólacht, eagraíocht agus duine atá in ann cabhrú leat tús a chur le do ghnólacht.