Cuireann Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh go leor áiteanna agus deiseanna ar fáil chun gnólacht a bhunú, a chruthú agus a fhorbairt nó chun infheistíochtaí a fhorbairt ar fud réimse príomhearnálacha.
Tá níos mó ná 150 cuideachta ilnáisiúnta sa tír seo, rud a léiríonn clú na hÉireann mar áit a meallann Infheistíocht Dhíreach Eachtrach (FDI) agus mar thairseach na hEorpa. Tá an AEC uathúil mar go bhfuil páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha i gceist léi, páirtithe a chomhoibríonn le chéile le cinntiú go gcuireann ‘ár nÁit’ an rogha is fearr ar fáil le d’infheistíocht a chothú, a fhorbairt agus a ghnóthú.