Scéal nua a scríobh do Luimneach
D’úsáid cathair an Chonartha cumhacht na teicneolaíochta digití chun athbheochan a spreagadh.
Gach lá, foilsíonn Limerick.ie ábhar cuí agus cothrom le dáta agus cuireann sé gnéithe uathúla díolacháin Luimnigh i láthair.
Bunaíodh an suíomh gréasáin chun Cathair an Chonartha a chur i láthair ar bhealach dearfach agus cuireann sé eolas ar fáil faoi sheirbhísí Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh.
Tá sé d’aidhm aige freisin bheith ar an gcéad suíomh gréasáin ar a dtagann daoine nuair atá eolas á lorg acu faoi Luimneach agus clú na cathrach mar an áit is fearr ar chósta an Atlantaigh le hobair agus le cónaí inti a léiriú.
Is léir ón bhfáilte a chuir daoine roimhe go bhfuil an suíomh gréasáin ag cur lena fhocal.
Dúírt Laura Ryan, Ceannasaí Margaíochta agus Cumarsáide Chomhairle Cathrach agus Contae Luimnigh: “Dearadh an suíomh le bheith oiriúnach dá úsáideoirí ionas gur féidir le gach duine logáil phríobháideach isteach bheith acu agus próifíl a chruthú.”
Tá bonn á chur ag Limerick.ie faoi na rudaí a d’fhéadfadh daoine a dhéanamh leis an suíomh agus na rudaí a d’fhéadfadh an suíomh a dhéanamh dóibh.
Tá seirbhísí pearsantaithe á fhorbairt ar bhealach comhtháite aige ionas go bhforbróidh Luimneach eispéireas digiteach na cathrach sna blianta amach romhainn.
Dúirt Ryan: “Agus an Meán-Iarthar á dhaingniú ag athbheochan eacnamaíoch Luimnigh mar an réigiún is mó fás in Éirinn, tá an t-eolas tábhachtach ar fad faoi shaol Luimnigh ar fáil ar Limerick.ie, an t-ardán digiteach comhtháite a forbraíodh le gairid.
Tá ról lárnach ag Limerick.ie i ‘Luimneach Digiteach’ a fhorbairt ach an t-eolas ar fad a thabhairt do shaoránaigh faoin údarás áitiúil agus faoi conas teacht ar a sheirbhísí.
Is é an treoir oifigiúil freisin do dhaoine a bhfuil cuairt á tabhairt acu ar an gcathair agus ar an gcontae agus do dhaoine agus d’eagraíochtaí atá ag iarraidh gnó a dhéanamh i nó le Luimneach.
Seoladh Limerick.ie in Aibreán 2017 agus cuireadh feachtas forleathan margaíochta ar bun ina dhiaidh sin. Tá sé ina ardán a bhfuil a lán duaiseanna buaite aige ó shin i leith. Thug breis is 800,000 duine cuairt ar Limerick.ie in 2017.