Cad a tharlaíonn nuair a bhuaileann scioból mór dearg le haigéan mór gorm

Ba mhaith le Big Red Barn, cuideachta as Maigh Eo, leas a bhaint as an Atlantach agus é ag díriú ar mhargadh na Stát Aontaithe

Tá clú agus cáil ar an Atlantach as a aeistéitic gharbh le háilleacht a chuireann eagla agus ionadh ar dhaoine.

Bhí sé i bhfad níos éasca do Big Red Barn ó Bhéal Átha na Muice a dhearann agus a dhéanann struchtúir nuálacha modúlacha d’imeachtaí domhanda, áfach.

Bhunaigh Donal Byrne in 2014 é agus tá aird idirnáisiúnta á tharraingt air as an obair cheannródaíoch a dhéanann sé do chliaint, lena n-áirítear Lidl agus an saincheadúnas de chuid an BBC, Top Gear.

Mar chuid dá n-obair cheannródaíoch, rinne siad an chéad struchtúr imeachta dhá stór san Eoraip atá in ann drochaimsir a sheasamh.

Ní bhíonn an rómánsúlacht a bhaineann le háilleacht an Atlantaigh i bhfad ar shiúl, áfach, rud atá le feiceáil ina “séipéal beag bán” a fhreastalaíonn ar bhainiseacha nach mbíonn ar siúl in eaglais agus ar imeachtaí níos lú.

Ba chinneadh comhfhiosach do Dhonal é gnólacht domhanda a bhunú i gcroílár chósta an iarthair. Thosaigh siad i mBéal Átha hAmhnais agus b’iontach an dul chun cinn a rinne siad mar go bhfuil saoráid i bhfad níos mó i mBéal Átha na Muice acu anois, nach bhfuil ach cúpla nóiméad ó Aerfort Chnoc Mhuire agus ón mótarbhealach chuig Baile Átha Cliath.

“Is Maigh Eoch go smior mé agus ní bheadh spéis ar bith agam bheith i mbun an ghnólachta seo áit ar bith eile,” a dúirt Donal.

“Tá an-mheas agam ar iarthar na hÉireann agus sílim go bhfuil an oiread sin rudaí le déanamh anseo. Tá gach rud a theastaíonn uainn ar leac an dorais agus is soláthraithe áitiúla iad mo chuid soláthraithe ar fad, seachas an soláthraí adhmaid. Tá cuid de na soláthraithe is mó sa tír bunaithe ar chósta an iarthair.”

Tugann Donal aitheantas d’Oifigí Fiontair Áitiúil, líonra na gComhlachas Tráchtála agus Comhairle Contae Mhaigh Eo as Big Red Barn a spreagadh lena smaoineamh a athrú ina fhiontar inmharthana gnó.

Agus é ar intinn ag Big Red Barn dul trasna na farraige chuig na Stáit Aontaithe, b’fhéidir go mbeidh Conair Eacnamaíochta an Atlantaigh á feiceáil i bhfad níos mó thall.

Comments are closed.