Ag múineadh don chéad ghlúin eile go bhfuil todhchaí dhearfach amach rompu

Tá Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ag cinntiú go bhfuil conair i dtreo rathúnais sa réigiún

Cothaíonn sí ceann de na timpeallachtaí foghlamtha is forásaí in Éirinn ag a bhfuil cumhacht réigiúnach agus idirnáisiúnta.
Meallann Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn (LYIT) mic léinn éagsúla agus breis is 4,000 mac léinn as Éirinn agus 31 tír ar fud an domhain ag freastal uirthi.

“Roghnaíonn foghlaimeoirí LYIT mar gheall ar ár n-éiteas uathúil a thugann barr feabhais acadúil agus taithí phraiticiúil atá dírithe ar ghairmeacha beatha le chéile. Is cur chuige nuálach é seo a fhorbraíonn ár mic léinn do rath amach anseo ar aon dul lena ngairmeacha agus lena n-uaillmhianta,” a dúirt John Andy Bonnar, an Ceannasaí Forbartha in LYIT.

Cothaíonn an Institiúid dlúthchaidrimh leis an bpobal níos leithne san Iarthuaisceart. Neartaíonn rannpháirtíocht agus comhpháirtíochtaí le gnó dúchasach agus idirnáisiúnta ionchais na mac léinn agus rathúnas eacnamaíocht an réigiúin ag an am céanna.

“Ní bealaí chuig todhchaí dhearfach amháin iad na timpeallachtaí nua-aimseartha comhtháithe foghlamtha i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga, ach is bealaí chuig ceann de na ceantair is áille ar domhan iad – agus Geographic Dún na nGall ainmnithe ag National Geographic mar ‘An Áit is Cúláilte ar Domhan 2017’,” a dúirt Bonnar.

I dteannta na gcéimithe den chéad scoth, tacaíonn LYIT le forbairt eacnamaíocht Réigiún Chathair an Iarthuaiscirt trí thionscnaimh Thaighde agus Nuálaíochta, lena n-áirítear dul i gcomhpháirt le gnólachtaí i bhFiontraíocht Éireann.

D’éirigh go maith le LYIT le déanaí i dtionscadail mhaoinithe thaighde le réimse comhpháirtithe, lena n-áirítear EU Horizon 2020, tionscadal a bhaineann le fuinneamh an aigéin i gcomhpháirt le Coláiste na hOllscoile, Corcaigh agus Ocean Renewable Power Corporation, cuideachta arb as na Stáit Aontaithe di.
Tá tionscadal Leigheas Pearsantaithe á mhaoiniú ag Interreg VA i gcompháirt le hOllscoil Uladh, Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn, CTRIC agus Ospidéal Allt Mhic Dhuibhleacháin i nDoire agus go leor comhpháirithe tionscail freisin.

Thacaigh Gorlann Gnó agus Taighde de chuid CoLab ar an gcampas le 150 fiontraí a raibh an-chumas iontu a ngnólachtaí a sheoladh le deich mbliana anuas.

Tacaíonn LYIT le Tech NorthWest Skillnet freisin, líonra ina bhfuil 80 cuideachta theicneolaíochtbhunaithe i nDún na nGall, Sligeach agus Liatroim. Cuireann Tech NorthWest Skillnet oiliúint fhóirdheontais agus deiseanna líonraithe ar fáil do bhaill atá dírithe ar iomaíochas gnó agus nuálaíocht a fheabhsú.

Comments are closed.