Ag croílár ais an Atlantaigh

Is rath Éireannach agus domhanda é EI Electronics

Tá EI Electronics ar cheann de na cuideachtaí dúchasacha is mó ar Chonair Eacnamaíochta an Atlantaigh ag a bhfuil láimhdeachas bliantúil €200 milliún agus 800 fostaí.

Tá 700 acu lonnaithe i gceanncheathrú na Sionainne ina bhfuil déantúsaíocht, taighde agus forbairt agus príomhfheidhmeanna tráchtála comhshuite.

“Ó bunaíodh in 1988 é, tar éis do bhainistíocht General Electric ceannach thar barr amach a dhéanamh, d’fhorbair ár ngnólacht go nádúrtha agus táimid ar cheann de na cuideachtaí leictreonaice is fearr in Éirinn anois agus díolacháin bhliantúla €200 milliún agus 5 fhochuideachta díola thar lear againn agus muid ag easpórtáil chuig 30 tír,” a dúirt Michael Guinee, príomhoifigeach feidhmiúcháin EI Electronics.

Is fíorchuideachta dhúchasach dhomhanda í agus a feidhmeanna déantúsaíochta, taighde agus forbartha agus tráchtála ar fad comhshuite i gceanncheathrú Limistéar Neamhchustaim na Sionainne.

“Chruthaigh Sionainn agus an AEC gurb iad an suíomh is fearr d’fhorbairt ár ngnólachta agus rochtain éasca againn ar lucht oibre oilte agus ar lóistíocht iontach iompar ar an mbóthar agus san aer,” a dúirt Guinee.

“Cuireann an réigiún deiseanna den chéad scoth ó thaobh cothromaíochta oibre is saoil de ar fáil agus tá roghanna iontacha ag daoine le cónaí san ais ó Luimneach go hInis agus sna sráidbhailte agus na bailte idir an dá áit.

“Táimid bródúil as branda mór domhanda a bhunú sa réimse nideoige a bhaineann le táirgí braite dóiteáin agus gáis, agus muid fós ar thús cadhnaíochta sa teicneolaíocht agus margaí idirnáisiúnta á bhforbairt againn ónár gceanncheathrú AEC.

“Ar mhaithe le forbairt chothrom eacnamaíochta, is í an AEC an fhrithchothromaíocht ar réigiún Bhaile Átha Cliath. Tá sé éasca gnó a dhéanamh ón AEC agus níl Baile Átha Cliath ach dhá uair an chloig ó Shionainn mar gheall ar an ngréasán iontach bóithre.

Comments are closed.